| 
                    
                   | 
               
            
              |   | 
              
                    
                      
                           | 
                       
                      
                        
                            
                           
                            Léamhanna le Mícheál Ó Conghaile agus Jackie Mac Donncha, Mícheál Ó Ruairc - Fear an Tí 
                            Seolfar duanaire de nualitríocht na Gaeilge dar teideal Twisted Truths ag 6.00 p.m. in Áras na  Scríbhneoirí ar 22 Samhain roimh na Léamhanna Peregrine. 
                            
                            Léamhanna le Joe Steve Ó Neachtain agus Jackie Mac Donncha, Mícheál Ó Ruairc - Fear an Tí 
                            
                            
                          | 
                       
                      
                        I rith na  seachtaine dar tús 21 Samhain beidh Mícheál  Ó Conghaile, Jackie Mac Donncha agus Joe Steve Ó Neachtain ag léamh a  saothar. Beidh Ó Conghaile agus MacDonncha ag léamh in Áras na Scríbhneoirí ar  22 Samhain agus ar an 24 Samhain i Leabharlann na Ceathrú Rua léifidh  MacDonncha agus Joe Steve Ó Neachtain. Tosóidh na léamhanna in Áras na  Scríbhneoirí ag 7.30 p.m. agus i Leabharlann na Ceathrú Rua is ag 6.30 p.m. a  thosóidh siad.  
                        Seolfar duanaire de nualitríocht na Gaeilge dar teideal Twisted Truths ag 6.00 p.m. in Áras na  Scríbhneoirí ar 22 Samhain roimh na Léamhanna Peregrine.   | 
                       
                      
                        |   | 
                       
                      
                        This week's  Peregrine offering will see readings from Mícheál Ó Chonghaile, Jackie  MacDonncha and Joe Steve Ó Neachtáin. Ó Conghaile and MacDonncha  will be at the Irish Writers' Centre on Tuesday, November 22nd, and  the peregrination will continue to Leabharlann na Ceathrú Rua in Co. na Gaillimhe on November 24th where Joe  Steve Ó Neachtain and Jackie MacDonncha will be reading. The IWC reading will  commence at 7.30 p.m. and the reading at Leabharlann na Ceathrú Rua at 6.30  p.m.  
                        The IWC reading will be preceded by the launch of Twisted Truths, an anthology of modern Irish writing, which will  take place at 6.00 p.m. at the Centre.  | 
                       
                      
                        |   | 
                       
                      
                          | 
                       
                      
                        |   | 
                       
                      
                          | 
                        Mícheál Ó Chonghaile | 
                       
                      
                        | As Inis Treabhair i gConamara ó dhúchas do  Mhicheál Ó Conghaile ach tá sé ina chónaí in Indreabhán anois. Is mar  scríbhneoir cruthaitheach is mó atá aithne air, go háirithe ó foilsíodh a dhara  cnuasach gearrscéalta An Fear a Phléasc (1997),  an t-úrscéal Sna Fir (2000) agus An Fear nach nDéanann Gáire (2003). I  measc na nduaiseanna atá buaite aige tá Duais Ionadaíochta an Choimisiúin  Eorpaigh/Anois 1995, Duais Liteartha Hennessy 1997, Duais an Bhuitléaraigh 1997  chomh maith le breis agus scór duais OIreachtais. Tá drámaí don stáitse  léirithe aige agus tá gearrscéalta dá chuid aistrithe go hAlbáinis, Rómáinis,  Cróitis, Ioruais, Polainnis, Gearmáinis agus Béarla. I 1985 bhunaigh sé Cló  Iar-Chonnachta, comhlacht foilsitheoireachta atá lonnaithe in Indreabhán. | 
                       
                      
                        |   | 
                          | 
                       
                      
                          | 
                        Joe Steve Ó Neachtain | 
                       
                      
                        | As an gCré  Dhubh sa Spidéal i gConamara ó dhúchas do Joe Steve Ó Neachtain. Is mar  aisteoir agus mar scríbhneoir is mó atá aithne air agus bíonn sé le feiceáil go  rialta ar ‘Ros na Rún’ ar TG4. Tá mórchuid duaiseanna Oireachtais buaite aige  ar úrscéalta, ar ghearrscéalta agus ar scripteanna agus ar dhrámaí. I measc na  nduaiseanna eile atá buaite aige tá Duaiseanna Slógadh, Jacobs Award ar ‘Bhaile  an Droichid’ (1992), Duaiseanna ón gComhairle Ealaíon/Connaught Tribune, Féile Pan Ceilteach (1991) agus Gradam an  Phléaráca (1997). I measc an tsaothair atá foilsithe aige tá Lámh Láidir agus Scread Mhaidne (úrscéalta); In  Ainm an Athar agus Níor Mhaith Liom  do Thrioblóid (drámaí); Salann Garbh (gearrscéalta)  agus An Dé Deiridh (filíocht). | 
                       
                      
                        |   | 
                          | 
                       
                      
                          | 
                        Jackie MacDonncha | 
                       
                      
                        | As Cill  Chiaráin i gConamara ó dhúchas do Jackie Mac Donncha agus is ann a mhaireann sé  i gcónaí. Scríbhneoir, file agus cumadóir amhrán é. Foilsíodh dánta dá chuid sa  leabhar An Chéad Chló (Cló  Iar-Chonnachta, 1997). Bhí amhráin dá chuid ar fáil sna halbaim Réalta ’95 agus  Réalta ’96. Rinneadh gearrscannán beochana dar teideal Cúilín Dualach a bhí bunaithe ar ghearrscéal de chuid Jackie.  D’fhoilsigh Cló Iar-Chonnachta Gaineamh  Séide, a chéad chnuasach filíochta roinnt blianta ó shin, Aileach, a chéad úrscéal in 2010 agus tá  a chéad chnuasach gearrscéalta le foilsiú an bhliain seo chugainn. | 
                       
                      
                        |   | 
                       
                      
                        |   | 
                          | 
                       
                      
                          | 
                        Mícheál Ó Ruairc (Fear An Tí) | 
                       
                      
                        | Rugadh Mícheál Ó Ruairc i mBréanainn sa Leitriúch i gCiarraí. Tá cónaí air i mBaile Átha Cliath le tamall fada de bhlianta. Tá idir fhilíocht, ghearrscéalta, phrós agus iriseoireacht foilsithe aige le cúig bliana fichead anuas. I measc an tsaothair atá i gcló tá  Fuil Samhraidh, dánta, (Coiscéim, 1987); Dán is Céad ón Leitriúch, cnuasach dánta óna cheantar dúchais, (Coiscéim, 1998); Trasna na dTonnta, scéinséir don fhoghlaimeoir fásta , (Comhar 2001); An bhFaca Éinne Agaibh Roy Keane?, úrscéal do dhéagóirí, (Coiscéim, 2003); Pónairí ar Thósta, úrscéal do mhic léinn ollscoile, (Comhar, 2007) agus An Saol i Sladbhaile, úrscéal do dhaoine fásta, (Coiscéim, 2008).  D'fhoilsigh Cló Iar-Chonnachta a chéad chnuasach gearrscéalta Daoine a Itheann Daoine in 2010 | 
                       
                      
                        |   | 
                       
                      
                        To book places at the Galway  reading,  please contact the venue directly. 
                        Book places at the Reading in The Irish Writers' Centre by Email or  by Tel: 353 1 8721302  | 
                       
                      
                        |   | 
                       
                      
                        |   | 
                       
                     
                   | 
                 | 
             
            
              |   | 
                | 
                | 
                | 
                | 
             
            | 
         
        |