Scríobhneoir lánaismeartha agus craoltóir í Catherine Foley agus iar-iriseoir foirne leis The Irish Times. Rinne sí roinnt clár faisnéise do TG4 a chur i láthair, a scríobh agus a chomhléiriú agus cuireann sí ábhar ar fáil go rialta do chlár ealaíne an stáisúin, Imeall. Bíonn sí le cloisteáil go rialta freisin ar chlár seachtanúil RTÉ, Sunday Miscellany. Foilsíodh an tríú nóbhille óna peann, Samhradh an Chéasta, ar na mallaibh. Tá duaiseanna Oireachtais buaite ag an dá úrscéal eile a foilsíodh roimhe seo - An Cailín Rua agus Sorcha sa Ghailearaí. |