Scríbhneoir  agus criticeoir is ea Liam Mac Cóil. Tá sé ina chónaí i Ráth Cairn na Mí. Tá  leabhair, ailt, agus aistí scríofa aige faoi chúrsaí litríochta, staire, ceoil,  ealaíon agus teilifíse. Ba é a úrscéal An Dochtúir Áthas (1994) an chéad leabhar Gaeilge  a cuireadh ar ghearrliosta Dhuaiseanna Liteartha an Irish Times. Ó shin  foilsíodh úrscéal eile leis, An Claíomh Solais, agus dialann  scríbhneoireachta, Nótaí ón Lár. Bhuaigh a úrscéal Fontenoy Gradam  Uí Shúilleabháin 2006. Chomh maith lena shaothar do dhaoine fásta tá leabhar sa  tsraith Scéalta Staire scríofa ag Liam Mac Cóil, Toirealach Ó Cearúlláin.  I gcomhar leis an Ollamh Ruairí Ó hUiginn, tá Liam Mac Cóil ina eagarthóir ar  an iris litríochta agus ealaíne Bliainiris. D'fhoilsigh Leabhar  Breac an leabhar is deireanaí leis, leabhar ar an gcumadóir Charles Villiers  Stanford An Chláirseach agus an Choróin: Seacht gCeolsiansa Stanford i 2010.  |