| Gaeilge | English |  
  • About Us
    • The Board
    • The Staff
    • Getting Here
    • Gallery
    • News & Opportunities
  • Courses
    • Weekly
    • Weekend
    • Publishing Day
    • Professional Development
    • MFA in Creative Writing
    • Teaching Opportunities
  • Events
    • At the Centre
    • Around Ireland
    • Publishing Day
    • Professional Development
    • Novel Fair
    • Festivals
    • Past Events
    • Room Hire
  • Resources
    • Audio Room
    • Literary Journals
    • Competitions
    • Writing Groups
    • Literary Organisations
    • Room Hire
    • Links
  • Gallery
  • Membership
 
     
  Imeachtaí  
     
26.06.11 Seoladh Leabhair: Aibítir Aoise le Celia de Fréine  
7.00pm

Seánra Polannach, ina dtairgtear cuireadh don údar a bhfuil tugtha faoi deara i rith a s(h)aoil aige/aici a phlé, is ea an Leabhar Aibítre. Scríofa go hiondúil i bprós, tá sé athchóirithe i bhfoirm fhileata anseo. Míreanna dírbheathaisnéiseacha, mar aon le tuairiscí orthu siúd a bhfuil clú agus cáil bainte amach acu, a bhíonn faoi chaibidil go hiondúil ann. Lúbtar an dearcadh seo agus, cé go n-ainmnítear daoine a raibh baint acu le saolú dánta áirithe, is ar ghné fhileata an tsaothair a dhírítear. Toisc go bhfuil an seánra aistrithe go Gaeilge, ní aithnítear ach na hocht litreacha déag a bhain go traidisiúnta le haibítir na teanga sin.

Is file, drámadóir, scriptscríbhneoir agus leabhrógaí í Celia de Fréine. Tá ceithre leabhar filíochta i gcló aici: Faoi Chabáistí is Ríonacha (CIC, 2001), Fiacha Fola (CIC, 2004), Scarecrows at Newtownards (Scotus Press, 2005) agus imram : odyssey (Arlen House, 2010). I measc na ngradam liteartha atá buaite aici dá cuid filíochta tá Duais Patrick Kavanagh (1994) agus Gradam Litríochta Chló Iar-Chonnachta (2004). Bhain sí Duais an Oireachtais do Dhráma ilghníomh ceithre huaire. D'fhoilsigh Arlen House trí cinn de na drámaí seo in Mná Dána i 2009. Sa bhliain chéanna chuir Amharclann na Mainistreach i láthair léiriú cleachta den dráma Casadh a coimisiúnaíodh uaithi. Taispeánadh na gearrscannáin Lorg, Seal agus Cluiche, bunaithe ar dhánta léi, i bhféilte in Éirinn agus i Meiriceá i 2007 agus 2008. I gcomhar le Biju Viswanath scríobh sí an scannán Marathon a bhain an duais don script is fearr ag Féile Idirnáisiúnta Scannán Nua-Eabhrac i 2009. Sa bhliain 2009 léirigh Living Opera, i gcomhar le Opera Ireland, taispeántas den cheoldráma The Earl of Kildare, cumtha ag Fergus Johnston, ar scríobh sí an leabhróg dó. www.celiadefreine.com

Celia de Fréine
Aibítir Aoise
     
 
         
Arts Council Funding
Irish Writers' Centre, 19 Parnell Square, Dublin 1. Tel: +353 1 8721302
Email: info@writerscentre.ie

Charity Number: 19738