Tá áthas ar Áras na Scríbhneoirí Comórtas Liam Mhic Uistin sa Ghearrscéalaíocht  2013 a fhógairt. 
                        
                                              Is scríbhneoir  aitheanta é Liam Mac Uistin a bhfuil gaol fada aige le hÁras na Scríbhneoirí  agus le Comhar na Scríbhneoirí agus tá an comórtas seo á sheoladh in ómós dó. 
                        Is do scríbhneoirí  óga agus úra na Gaeilge an comórtas seo, sé sin scríbhneoirí nach bhfuil aon  leabhar foilsithe acu go dtí seo. Níl aon táille ag baint le cur isteach ar an  gcomórtas. 
                        Spriocdháta Aoine 4 Deireadh Fómhair 2013. 
                        Is é Clár na Leabhar Gaeilge, Ráth Cairn,  Áth Buí, Co. na Mí a dhéanfaidh urraíocht ar Chomórtas Gearrscéalta Mhic Uistin. 
                      Duaiseanna 
                        An Chéad Duais - €500 
                        An Dara Duais   - €250  
                        Foilseofar na  buaiteoirí san iris Feasta. 
                      Rialacha an  chomórtais 
                      1. Is do scríbhneoirí óga agus úra na Gaeilge amháin atá an comórtas       seo, sé sin scríbhneoirí 18+ nach bhfuil aon leabhar phrós (leabhair acadúil san áireamh) foilsithe acu       go dtí seo. 
                      2. Ní féidir le haon duine níos mó ná iarratas amháin a chur isteach ar an gcomórtas. 
                      3. Ní ghlacfar le hiarratais tar éis an spriocdháta Aoine 4 Deireadh Fómhair 2013. 
                      4. Ní ghlacfar ach le gearrscéalta nuachumtha, nach bhfuil foilsithe       cheana. 
5. Is é an t-úasmhéid focal ná 2,500. 
6. Glactar le hiarratais trí ríomhphost i bhfoirm .doc nó.rtf go eolas@writerscentre.ie  nó info@writerscentre.ie le ‘Comórtas Liam Mhic Uistin’ luaite sa teideal. 
7. Glactar freisin le hiarratais chlóite ar pháipéar A4  (12pt, le spásáil 1.5) chuig: 
                       Comórtas Liam Mhic Uistin 
  Áras na Scríbhneoirí 
                        19 Cearnóg Pharnell 
                        Baile Átha Cliath 1. 
                      Ní mór ‘Comórtas Gearrscéalta  Liam Mhic Uistin’ a lua ar an gclúdach litreach agus ar an iarratas. Ní mór na  leathanaigh a bheith uimhrithe. 
                      8. Ní mór do theideal an scéil a bheith ar bharr gach leathanaigh, ach       gan ainm an iontrálaí a bheith air. 
9. Ní mór litir chumhdaigh a chur isteach i dteannta gach iarratais le       hainm agus sonraí teagmhála an údair uirthi. 
10. Ní mór bunchóip den scéal a choinneáil mar ní sheolfar iarratais ar       ais. 
11. Ní bheidh dul thar bhreith an mholtóra i gcás ar bith. 
12. Roghnófar na buaiteoirí agus bronnfar na duaiseanna ag ócáid in       Áras na Scríbhneoirí i Samhain 2013. 
   |