Susanna and the Elders Daniel O'Neill |
MAR GHEALL ORAINN
Fáilte Is Fiche Romhat Roimh Shuíomh Áras na Scríbhneoirí!
Cé Sinn?
Tá Áras na Scríbhneoirí i gcroílár shaol liteartha na hÉireann le fada an lá, ag tabhairt tacaíochta do scríbhneoirí seanbhunaithe, mar aon le hábhair scríbhneoirí ón áit ina bhfuil sé suite i lár an thaoibh chultúrtha de chathair Bhaile Átha Cliath. Is eagras neamhbhrabúis é, carthanacht chláraithe, agus is é aidhm an eagrais ná litríocht na hÉireann, idir Ghaeilge agus Bhéarla, agus scríbhneoirí na hÉireann a chur chun cinn ag baile agus thar lear.
Bunaíodh Áras na Scríbhneoirí sa bhliain 1987, agus osclaíodh na doirse don phobal ag 19, Cearnóg Pharnell, Baile Átha Cliath, in 1991. Ó shin i leith, fearadh fáilte roimh go leor scríbhneoirí a bhfuil duaiseanna bainte amach acu, duaiseanna Nobel, Costa, Man Booker, IMPAC, agus Pulitzer ina measc. Tá freastal déanta ag Áras na Scríbhneoirí, leis, ar thalann agus ar bhua an scríbhneora nua, agus tugtar iliomad deiseanna do/di maidir le léamhanna poiblí. Is minic a thug scríbhneoirí nua an chéad léamh poiblí uathu anseo in Áras na Scríbhneoirí.
Cothaíonn Áras na Scríbhneoirí an talann nua a bhíonn ag teacht anuas, as clár cuimsitheach de cheardlanna scríbhneoireachta, de sheimineáir, de léachtaí agus de léamhanna, agus caomhnaíonn sé nascanna is gaol idir scríbhneoirí agus a lucht léite. Na mic léinn atá againn sa scríbhneoireacht chruthaitheach, téann treoir agus iniúchadh na bhfilí, na n-úrscéalaithe, agus scríbhneoírí na ngearrscéalta, chun a leasa. Tarlaíonn go dtéann go leor acu chun cinn go mbaineann siad gairmeacha beatha rathúla amach mar scríbhneoirí a bhfuil ábhar foilsithe acu iad féin. Tagann go leor grúpaí scríbhneoireachta le chéile in Áras na Scríbhneoirí le smaointe a mhalartú, agus chun a gcuid scríbhneoireachta a fhorbairt. Ach bímid oscailte i gcónaí, agus ar fáil don phobal léitheoireachta, agus cuirimid an-chuid deiseanna ar fáil do dhaoine chun bualadh linn agus le bheith rannpháirteach sa bhaile liteartha seo atá againne.
Bíonn forbairt an tsuímh idirlín, an bhloga, na nuachtlitreach agus araile idir chamáin againn i gcónaí, chun daoine a chur ar an eolas mar gheall ar imeachtaí agus ócáidí éagsúla, ní amháin in Áras na Scríbhneoirí féin, ach mórthimpeall na tire. Tá an gréasán eagraíochta ag dul i méid timpeall na hÉireann, agus tá nascanna éagsúla á gcruthú againn i gcomhar le suimeanna agus le páirtithe liteartha timpeall na cruinne.
Bíonn an doras seo ar oscailt i gcónaí, agus tearmann is ea Áras na Scríbhneoirí do scríbhneoirí atá ag iarraidh teitheadh ar feadh scaithimh ó chlampar na cathrach lasmuigh. Is dual dúinn a bheith fial flaithiúil fáilteach i gcónaí: cuirimid tae is caifé ar fáil agus é saor in aisce do bhaill Áras na Scríbhneoirí. Is ceadmhach, leis, úsáid a bhaint as an idirlíon saor in aisce, is cuma cé acu an scríbhneoir nó léitheoir tú. Ina theannta sin, fearaimid fáilte roimh an bpobal bualadh isteach chugainn, agus súil a chaitheamh ar an bhfoirgneamh álainn Seoirseach seo, agus ar an mbailiúchán ealaíne atá againn.
|