Tá seomraí faoi leith ag Áras na Scríbhneoirí le ligean ar cíos. Suite i dteach Seoirseach i gceantar stáiriúil Cearnóg Pharnell, tá go leor do na sean-ghnéithe fágtha san fhoirgneamh agus is áit iontach í do gach saghas ócáid. Tá an tÁras oirneáilte le healaín ó bhailiúchán Buckley agus tá atmaisféar fáiltiúil san Áras atá idéalach do léamha, do chruinnithe, do seoltaí agus do sheimineáir. Anuas ar seo, tá seomraí ranganna níos lú ar fáil ar cíos do chruinnithe, do ghrúpaí scríbhneoireachta agus mar sin de. |