| 
                    
               | 
               
            
              |   | 
              
                
                  
                    |   | 
                      | 
                   
                  
                      | 
                    Jack Gilligan – Cathaoirleach  | 
                   
                  
                    Tá Jack ag obair le riarachán na healaíona le thart  ar fiche cúig bhliain anuas. Bhí sé mar Oifigeach Ealaíon na Cathrach i mBaile  Átha Cliath le sé bhliain déag go dtí gur éirigh sé as i Mí Dheireadh Fómhair  2009. Bhí sé i gceannas ar ullmhú, ar idirbheartú agus ar bhainistiú an  bhuiséid bliantúil do na hEalaíona agus seirbhís ealaíona na cathrach. Thosaigh  agus bhainistigh sé clár ‘Ealaíontóir i láthair’ le meascán de scríbhneoirí, ceoltóirí,  rinceoirí, scannánóirí agus amharc-ealaíontóirí. Bhí ról lárnach ag Jack i  mbunú an ionad ealaíona LAB, a d’oscail faoina bainistíocht, i 2005. Bhunaigh  sé Féile Scríbhneoirí Bhaile Átha Cliath, féile atá an-rathúil; ceiliúradh do scoth na  scríbhneoireachta Éireannaigh agus idirnáisiúnta, agus atá anois ina ócáid litríochta  mhór idirnáisiúnta.  | 
                   
                  
                    |   | 
                      | 
                   
                  
                      | 
                    Catherine Dunne –Leaschathaoirleach | 
                   
                  
                    Is údar sé úrscéal agus  saothar amháin neamhfhicsean í Catherine Dunne. D’fhoilsigh Macmillan a  húrséal, Set in Stone i Mí Dheireadh  Fómhair 2009. Is iomaí duaiseanna a raibh a chuid shaothair gearrliostaithe  dóibh, duais Kerry Fiction ina measc, agus bhuaigh sí an duais idirnáisiúnta ag  Vigevano san Iodáil i 2006. Aistríodh a chuid saothair go forleathan agus  roghnaíodh don teilifís iad. Mhúin Catherine scríbhneoireacht chruithaitheach d’Áras  na Scríbhneoirí, do Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, do Sheachtain na  Scríbhneoirí I Lios Tuathail agus don Avron Foundation sa Bhreatain Mhór.  | 
                   
                  
                    |   | 
                      | 
                   
                  
                    |   | 
                    Andrew Clarke- Cisteoir | 
                   
                  
                    
                      Is cuntasóir cairte,  comhairleoir cánach cláraithe, agus céimí eacnamaíochta agus politíochta ó  Ollscoil Cambridge é Andrew. Tar éis dó a bheith ina páirtnéir bainistíochta le  cuntasóirí cairte Horwath Bastow Charleton do 10 bhliain, d’éirigh  sé as i Mí Aibreáin 2007. Is sean uachtarán é d’Institiúid Chánach na hÉireann agus  den CFE – an comhlacht comhairleora cánach Eorpach – a dhéanann ionadaíocht do  180, 000 ball timpeall an AE. Tá sé ar boird le comhlachtaí Éireannacha éagsúla,  Institiúid Chúrsaí Idirnáisiúnta agus Eorpach san áireamh. Cé nár scríbhneoir é  féin tá suim aige in úsáid a cuid taithí tráchtála chun cuidiú agus tacú le  hobair an Árais.  
                      | 
                   
                  
                    |   | 
                      | 
                   
                  
                      | 
                    June Considine – Rúnaí | 
                   
                  
                    Rugadh June Considine i mBaile Átha  Cliath agus tá cúig úrscéal déag scríofa aici do dhaoine fásta agus do pháistí.  Scríobhadh a húrséal The Prodigal Sister,  atá foilsithe go hidirnáisiúnta ag Avon/Harper Collins, faoina hainm cleite  Laura Elliot. Chaith sí seal ag obair mar shaoririseoir agus mar eagarthóir  irise. I measc a cuid úrscéil tá When The Bough Breaks agus Deceptions (New Island).I measc a cuid scéalta  do pháistí tá The Luvender Trilogy, View  from a Blind Bridge, The Glass Triangle, agus an tsraith Beachwood do dhaoine óga(Poolbeg  Press). Le déanaí, foilsíodh a húrscéal Stolen Child (Avon/ Harper  Collins). Bhí a cuid gearrscéalta curtha san áireamh i ndiolamaí faoi leith  agus ar sraith ag RTÉ darbh ainm Fiction 15.                        | 
                   
                  
                    |   | 
                      | 
                   
                  
                    |   | 
                    Mícheál  Ó Ruairc – Rúnaí | 
                   
                  
                      | 
                    Is i gCé Bhréanainn i gContae Chiarraí a rugadh  Mícheál i 1953 agus is i mBaile Átha Cliath atá sé in a chonaí anois ó 1980.  D’éirigh sé as an mhúinteoireacht i 2009 agus is scríbhneoir lánaimseartha é  anois. D’fhoilsigh sé go forleathan; i measc a cuid oibre tá cnuasach  filíochta, úrscéalta, ficsean do pháistí, gearrscéalta, léirmheasanna, ailt,  colúin, agus go leor scríbhneoireacht i réim an oideachais. Bhuaigh sé go leor  duaiseanna dá filíocht agus dá prós, ceád áit i gCómortas Filíochta Dún  Laoghaire-Rathdown (2007), céad áit san Oireachtas do chnuasach gearrscéalta  (2009) san áireamh. I measc a cuid saothair tá Fuil Samhraidh (1987); Humane  Killing (1992); Dán is Céad ón Leitriúch (1998); Trasna na  dTonnta (2001); An bhFaca Éinne Agaibh Roy Keane (2003); An Saol  i Sladbhaile (2008)agus an  chéad cnuasach gearrscéalta aige, Daoine a Itheann Daoine (2010)    | 
                   
                  
                    |   | 
                      | 
                   
                  
                    |   | 
                    Jack Harte | 
                   
                  
                      | 
                    
                      Rugadh Jack i gCillín Dubh, Co.  Sligeach, i 1944 agus tógadh i mBéal Átha Liag, Co. Longfort é. A cnuasaigh  gearrscéalta ná Murphy in the Underworld (1986), Birds  and Other Tails (1996), agus From Under Gogol's Nose (2004). Bhí  dlúthdhiosca dá cuid scéalta agus amhráin, dar teidil Lament for the Birds eisithe i 2004. Foilsíodh aistriúcháin dá cuid scéalta sa Rúis, san India agus  sa Bhulgáir. Foisíodh nóibhille leis, Homage,  i 1992. I 2006, foilsíodh a céad úrscéal In the wake of the Bagger, abhícoimisiúnaithe faoin Scéim Rialtais Per Cent  for Art. An bhliain dar gcionn foilsíodh an aistriúchán dá dara úrscéal sa  Bhulgáiris agus ansin foilsíodh arís é i mBéarla i 2008. D’oibrigh Jack mar  Phríomhoide ar Phobalscoil Leamhchán ar feadh na blianta.  
                      | 
                   
                  
                    |   | 
                      | 
                   
                  
                      | 
                    Éilís Ní Dhuibhne | 
                   
                  
                    Is  úrscéalaí agus gearrscéalaí í Éilís Ní Dhuibhne, a  scríobhann as Gaeilge agus as Béarla. Tá breis is fiche leabhar scríofa aici,  The Dancers Dancing, Fox Swallow Scarecrow, agus Dún an Airgid san áireamh. Is  iomaí duaiseanna a bhuaigh a chuid saothair, Duais Bisto Leabhar na Bliana,  Duais Stewart Parker don dráma agus duaiseanna faoi leith ón Oireachtas do  leabhair as Gaeilge san áireamh. Bhí The Dancers Dancing gearrliostaithe do  dhuais Orange. Mhúin Éilís an scríbhneoireacht  chruithaitheach in Áras na Scríbhneoirí, agus faoi láthair  múineann sí ar an MA sa scríbhneoireacht chruithaitheach  in UCD agus an tAcadamh Faber.    | 
                   
                  
                    |   | 
                      | 
                   
                  
                      | 
                     Máire Nic Mhaoláin  | 
                   
                  
                    Rinne Máire Nic Mhaoláin staidéar ar na teangacha  Cheiltigh, an Laidin agus an Fraincis ag QUB, Rinne sí taighde ar ghnéithe de  phrós na Sean-Ghaeilge, le béim ar shean dlíthe. Bhí sí ina heagarthóir le An  Gúm   (Teach foilsitheoireachta Gaeilge atá mar  chuid den Roinn Oideachais) ar feadh na blianta ag plé le foclóir, téarmaíocht,  téacsleabhair agus litríocht ghinearálta, agus aistriúcháin i gceist le go leor  de. Mhúin sí an t-aistriúchán in Ollscoil Uladh (maraon le obair fhoclóireachta  ar fhoclóir Béarla-Gaeilge) agus in DCU. D’aistrigh sí saothar litríochta ó theangacha  éagsúla go Gaeilge, agus scríobh sí do raidió Éireannach agus d’irisí. Bhí sí  ar Fochoiste Proifisiúnta Ballraíochta an ITIA. Tugadh Ballraíocht Oinigh den  ITIA do Mháire I 2005 dá hobair san aistriúchán in Éirinn.   | 
                   
                  
                    |   | 
                      | 
                   
                  
                      | 
                    Sorcha de Brún | 
                   
                  
                                          Is ball  d’Aontas na Scríbhneoirí í Sorcha de Brún agus faoi láthair tá sí i mbun PhD ar  phrós comhaimseartha na Gaeltachta i Roinn na Nua Ghaeilge, Ollscoil na  hÉireann Má Nuad. D’fhoilsigh sí aistí faoi ghnéithe den aistriúchán de Dracula in Bliainiris, agus faoi ról an  teanga Ghaelach sa Churaclam. Foilsíodh cuid dá filíocht do pháistí sa díolaim Seo, Siúd agus Uile (An Gúm, 2009),  agus gearrscéal dá cuid sa chnuasach Sin  Scéal Eile (An Gúm, 2011). Bhí sí in a hUachtarán ar an ngiúiré  Éireannach don dhuais Eorpach sa Litríocht (Éire) i 2009. Is iomaí duaiseanna  atá buaite aici, Comórtas  Máirtín Ó  Cadhain don ghearrscéalaíocht agus Duais Foras na Gaeilge san áireamh.  | 
                   
                  
                    |   | 
                      | 
                   
                  
                    |   | 
                    Bea Kelleher | 
                   
                  
                    
  | 
                   
                  
                    |   | 
                      | 
                   
                   
                  
               | 
                 | 
             
            
              |   | 
                | 
                | 
                | 
                | 
             
            | 
         
        |