Cén fáth ar cheart duit a bheith i do bhall? 
                      Is  féidir leatsa cabhrú le hÁras na Scríbhneoirí leanúint ar aghaidh lena chlár  uaillmhianach as ballraíocht a thógáil amach. Cuidíonn na baill treoir agus  polasaithe Áras na Scríbhneoirí as cruinnithe speisialta a thionól, agus as  beirt Stiúrthóirí a chur ar fáil don Bhord. Táimid ag dul i gcomhar le heagrais  eile sna healaíona inár gcáilíocht mar abhcóidí chun na healaíona trí chéile in  Éirinn a chur chun tosaigh i gcoitinne, go háirithe i réimse na litríochta, agus  go háirithe maidir leis an bprós-scríbhneoireacht a bhfuil sainchúram faoi  leith againn ina leith. Cuireann neart na ballraíochta go mór le tionchar Áras  na Scríbhneoirí.  
                      Tá  maoiniú cláir measartha á fháil faoi láthair ag Áras na Scríbhneoirí ó fhoinsí  éagsúla, an Comhairle Ealaíon san áireamh, ach ní mhairfeadh sé in aon chor  cheal tacaíocht chroíúil an phobail liteartha a bheith ann, mar aon le hiarrachtaí  iad siúd a bhíonn ag obair ar bhonn deonach ar son an Árais. An tslí is fearr le  cur leis an institiúid nótálta náisiúnta seo ná a bheith i do bhall.  
                         
                      Cé dó Áras na Scríbhneoirí? 
                      Sa  saol liteartha, is faoi scáth a chéile a mhaireann an scríbhneoir agus a  pháirtí, an léitheoir. Cé go mbíonn Áras na Scríbhneoirí ag díriú isteach ar  fhorbairt agus ar chur chun cinn an scríbhneora, tuigimid go maith go bhfuil sé  ríthábhachtach go mbíonn an léitheoir rannpháirteach sa phróiseas, leis. Dá  bhrí sin, fearaimid fáilte roimh léitheoirí díograiseacha dícheallacha, chomh  maith le scríbhneoirí, a bheith ina mbaill agus páirt a ghlacadh i ngach cuid  dár gcuid oibre, chomh fada leis an mBord Stiúrtha. 
                         
                      Tairbhe na Ballraíochta 
                      Baineann  baill leas as an tús áite a thugtar dóibh ar go leor bealaí: cead isteach saor  in aisce do go leor léamhanna a mbíonn costas orthu go minic, réamh fhógraí  faoi ócáidí nuair a bhíonn teorainn ar líon an lucht éisteachta ar féidir a  bheith i láthair, teacht ar an mbailiúchán leabhar atá againn.  
                      Chomh  maith leis sin, bíonn lascaine do bhaill maidir le táillí ceardlainne, agus is  minic go sábháileann an ballraíocht an-chuid airgid sa chás sin. Is féidir le baill  lascaine 10% a fháil i Chapterhouse Café béal dorais ach an cárta ballraíochta  a thaispeáint.  
                      Táimid  ag forbairt rochtana ar ghréasáin chónaithe agus cláir mhalartaithe le  hinstitiúidí cultúrtha mórthimpeall na cruinne, agus tabharfaimid réamhfhógra  do bhaill maidir leis na deiseanna idirnáisiúnta seo.  
                        Bíonn  Áras na Scríbhneoirí ar oscailt ó 10 r.n. go 10 i.n. Luan go Déardaoin, agus ó  10 r.n. go 6 i.n. ar an Aoine agus ar an Satharn. Is ceadmhach do bhaill  áiseanna agus áiteanna comhchoiteanna oibre a úsáid agus teacht ar an idirlíon  saor in aisce.  
                      Bíonn  tae agus caifé i gcónaí ar fáil do bhaill Áras na Scríbhneoirí atá ag iarraidh  teacht le chéile in Áras na Scríbhneoirí chun smaointe a mhalartú nó le dul ag  obair ar chomhthioncsnaimh. Is áit le dealramh é chun bualadh isteach ann.  
Cosnaíonn sé €50 in aghaidh na bliana   chun a bheith i do bhall d’Áras na Scríbhneoirí. 
Seoladh:   Áras na Scríbhneoirí, 19   Cearnóg Pharnell, Baile Átha Cliath 1. 
                      Fón:          01- 8721302                       
                      Rphost:     info@writerscentre.ie  |