English | Gaeilge  
  • Fáilte
    • An Boird
    • An Fhoireann
    • Ag Baint na Háite Amach
  • Cursaí
  • Imeachtaí
    • Léamhanna Peregrine
    • Seomra ar cíos
  • Áiseanna
    • Irisí Litríochta
    • Comórtais
    • Grúpaí Scríbhneoirí
    • Eagraíochtaí Litríochta
    • Naisc
    • Foilsitheoirí leabhar
  • An Gailearaí
  • Ballraíocht
Blag
 

Imeachtaí timpeall na Tíre

Description: clologobeagCLÓ IAR-CHONNACHT
Indreabhán, Conamara, Co. na Gaillimhe


       Teil: 091 593307 Faics: 091 593362 Idirlíon: www.cic.ie R-phost: poibliocht@cic.ie

Ceardlanna Saor in Aisce do Scríbhneoirí i mBéal Feirste agus Inis Oírr

Ceardlann do Scríbhneoirí Gaeilge á heagrú ag Cló Iar-Chonnacht i gcomhar le Áras Éanna, Inis Oírr, Árainn, Co na Gaillimhe.

 

Dáta: Dé Sathairn, 9 Márta 2013
Ionad: Áras Éanna, Inis Oírr, Árainn, Co na Gaillimhe.
Stiúrthóirí na Ceardlainne: Micheál Ó Conghaile agus Jackie Mac Donncha

Beidh an cheardlann seo dírithe ar scríbhneoirí Gaeilge den uile chineál, scríbhneoirí a bhfuil leabhair foilsithe acu cheana agus scríbhneoirí óga/nua nach bhfuil aon leabhar foilsithe fós acu ach a léiríonn cumas scríbhneoireachta.

Tugtar cuireadh do scríbhneoirí ar mhaith leo a bheith páirteach sa cheardlann sampla dá saothar: gearrscéal, cúig nó sé de dhánta nó mír ghearr as úrscéal (úrscéalta do dhéagóirí san áireamh) a sheoladh chuig Eagarthóir Cúnta CIC, Áine Ní Cholchúin ag an seoladh thíos ROIMH an 1 Márta 2013.

Roghnófar na saothair is feiliúnaí agus déanfar iad a phlé agus a mheas ag an gceardlann. Seolfar saothar gach scríbhneora chuig gach iarrthóir (a bheidh ag freastal ar an gceardlann) roimh ré ionas go mbeidh deis acu iad a léamh. Tríd an modh oibre seo beidh na hiarrthóirí ar fad in ann páirt ghníomhach a ghlacadh sa cheardlann, agus foghlaim ó laigí agus ó bhuanna shaothar a chéile. Beidh áit do dheichniúr ar an gceardlann. Níl aon táille i gceist don cheardlann seo ach beidh iarrthóirí freagrach as a gcuid costas taistil féin agus lóistín sa chás go mbeadh a leithéid i gceist.

Tuilleadh eolais:
Áine Ní Cholchúin nó Micheál Ó Conghaile
Cló Iar-Chonnacht
Indreabhán
Conamara
Co. na Gaillimhe.
Guthán: (091) 593307  Facs: (091) 593362  Ríomhphost: aine@cic.ie

nó ó Áras Éanna, Inis Oírr, Árainn, Co na Gaillimhe.
Guthán: 099-75150 Ríomhphost: eolas@araseanna.ie

Tá an cheardlann seo á heagrú le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon 


Ceardlann do Scríbhneoirí Gaeilge á heagrú ag Cló Iar-Chonnacht i gcomhar le Scoil na Gaeilge agus na Ceiltise, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.

 

Dáta: Dé Sathairn, 23 Márta 2013
Ionad: Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.
Stiúrthóirí na Ceardlainne: Micheál Ó Conghaile agus Fionntán de Brún

Beidh an cheardlann seo dírithe ar scríbhneoirí Gaeilge den uile chineál, scríbhneoirí a bhfuil leabhair foilsithe acu cheana agus scríbhneoirí óga/nua nach bhfuil aon leabhar foilsithe fós acu ach a léiríonn cumas scríbhneoireachta.

Tugtar cuireadh do scríbhneoirí ar mhaith leo a bheith páirteach sa cheardlann sampla dá saothar: gearrscéal, cúig nó sé de dhánta nó mír ghearr as úrscéal (úrscéalta do dhéagóirí san áireamh) a sheoladh chuig Eagarthóir Cúnta CIC, Áine Ní Cholchúin ag an seoladh thíos ROIMH an 14 Márta 2013.

Roghnófar na saothair is feiliúnaí agus déanfar iad a phlé agus a mheas ag an gceardlann. Seolfar saothar gach scríbhneora chuig gach iarrthóir (a bheidh ag freastal ar an gceardlann) roimh ré ionas go mbeidh deis acu iad a léamh. Tríd an modh oibre seo beidh na hiarrthóirí ar fad in ann páirt ghníomhach a ghlacadh sa cheardlann, agus foghlaim ó laigí agus ó bhuanna shaothar a chéile. Beidh áit do dheichniúr ar an gceardlann. Níl aon táille i gceist don cheardlann seo ach beidh iarrthóirí freagrach as a gcuid costas taistil féin agus lóistín sa chás go mbeadh a leithéid i gceist.

Tuilleadh eolais:
Áine Ní Cholchúin nó Micheál Ó Conghaile
Cló Iar-Chonnacht
Indreabhán
Conamara
Co. na Gaillimhe
Guthán: (091) 593307  Facs: (091) 593362  Ríomhphost: aine@cic.ie

Tá an cheardlann seo á heagrú le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon 

 

 

 
         
Arts Council Funding
Áras na Scríbhneoirí, 19 Cearnóg Pharnell, Baile Átha Cliath. Tel: +353 1 8721302
Ríomhphoist: info@writerscentre.ie

Uimhir Charthanacht : 19738